Bratach Ghorm bronnta ar 94 trá agus muiríne

Tá an Bhratach Ghorm do 2024 saothraithe ag 85 trá agus 9 mhuiríne ar fud na tíre, ach tá an seasamh náisiúnta agus idirnáisiúnta sin caillte ag tránna i mBaile Átha Cliath, i bPort Láirge agus i Loch Garman.

Tá an suaitheantas ar cheann de na gradaim turasóireachta dúlra is mó measa agus aitheantais ar domhan.

Tuairisc le Eibhlín Ní Choistealbha

Tá an córas i bhfeidhm ag 48 tír agus 5,000 bratach bronnta i mbliana.

Siad an Taisce a chuireann an clár i bhfeidhm i nÉirinn.

San áireamh curtar sárchaighdeán uisce, eolais, oideachas timpeallachta, agus bainistiú agus sábháilteacht trá le linn an tséasúir snámha.

An bhratach ar foluain ar Bhóthar na Trá i gCathair na Gaillimhe

Tá an Bhratach Ghorm saothraithe in athuair ag Trá Bhaile an Bhiataigh i gCo na Mí, an chéad uair le 28 bliain.

Tá an trá in Inis Crabhann i Sligeach tar éis an Bhratach a aimsiú arís freisin, an chéad uair le 14 bliain.

Tá an stádas bainte amach an chéad uair riamh ag Trácht i gCinn Mhara i ndeisceart na Gaillimhe.

Díomá ar an Trá Mhóir

Theip ar 3 áit an Bhratach Ghorm a bhí acu a choinneáil; an Trá ó Dheas ar an Ros i mBaile Átha Cliath, an Trá ó Thuaidh i mBaile Muine i Loch Garman agus an Trá Mhóir i bPort Láirge.

Nuacht TG4