Comhaontú vóta iarrtha sa bhFraince le dul in aghaidh NR Le Pen

Tá súil go mbeidh comhaontu socraithe idir pháirtithe polaitíochta na Fraince roimh an dara babhta den vótáil san olltoghchán an deireadh seachtaine seo romhainn.

Iarracht é seo le cur i gcoinne an bhua mhóir a bhain an Rassemblement Nationale (RN) nó an slógadh náisiúnta, páirtí Marine Le Pen na heite fóirdheise.

Bhain an RN 33% faoin gcéad sa chéad bhabhta an deireadh seachtaine seo.

Ach níltear cinnte fós cé mar a d’fheidmheodh chomhaontú dá leithéid agus an mbeadh páirtithe na heite deise agus na heite clé páirteach ann.

Cheana féin bhí agóidí i roinnt cathracha ar fud na tíre ag páirtithe na heite clé in aghaidh bhua seo an RN.

Ar fead dhá scór bliain bhí an RN, agus an Front National roimhe, ar imeall na polaitíochta agus an tuairim ann gur fhág a gcuid polasaithe a mheastar bheith ciníoch agus frith-imirceach taobh amuigh d’aon seans ar an gcumhacht pholaitiúil.

Ach dúírt Jordan Bardella, an fear a roghnaigh Le Pen féin mar ábhar Phríomh-Aire, nach leor anois aon rud ach móramh iomlán ag an RN le ‘seasmhacht, dlí agus cirt’ a thabhairt ar ais sa tír.

Trí bhliana in oifig atá fágtha ag an Uachtarán Emmanuel Macron agus é ag breathnú níos laige anois tar éis dó an toghchán seo a ghairm go tobann agus gan choinne. Ach d’impigh sé ar pholaiteoirí chomhghuaillíocht leathan a chur le chéile le teacht idir an RN agus an rialtas.

Ach tá imní ar roinnt iarrthóirí ina pháírtí féin tarraingt amach as an iomaíocht le gur féidir le hiarrthóirí ar an eite clé bua a fháil ar an RN.

Faoi chóras na Fraince, ní mór d’iarrthóir 50% a fháil sa chéad bhabhta le suíochán a fháíl.

Dá uirdeasa seo, téann an bheirt iarrthóirí is airde vóta chun cinn don dara babhta. Ach má tá aon iarrthóir eile a fhaigheann 12.5% den vóta, téann siadson chun cinn don dara babhta freisin.

Is ar na toghcheantair a bhfuil triúr iarrthóirí iontu atá an comhaontú ag díriú, sa chaoi nach mbeidh ach duine amháin ag seasamh in aghaidh an RN i ngach cás, agus nach scoiltfear an vóta freasúra.

Ach an imní atá ar roinnt polaiteoirí i bpáirtí Macron é go bhféadfadh daoine ‘antoisceacha’ ar an eite clé bheith san Assemblé Nationale dá bharr, agus dar le roinnt, go bhfuil siadsan chomh dona céanna leis an NR.

Dúirt an tAire Airgeadais Bruno Le Maire nach n-iarrfadh sé go brách ar dhaoine vóta a chaitheamh don eite fhíorchlé

Ach deir an príomhaire Gabriel Attal ón bpáirtí céanna gur cheart do vótóirí aon iarrthóir seachas cuid an NR a roghnú. má choinníonn sé an NR amach ón rialtas.