Tá an scríbhneoir clúiteach as Doire Nell McCafferty tar éis bháis. Bhí sí 80 bliain d’aois agus bhí sí tinn le tamall.
Deir a teaghlach go bhfuair sí bás go moch ar maidin inniu in ionad altranais i gCo Dhún na nGall.
Iriseoir, údar agus feachtasóir gníomhach ar son chearta na mban ab ea Nell McCafferty.
Rugadh í i dTaobh an Bhogaigh i gcathair Dhoire i 1944 agus sheas sí go teann le muintir an cheantair sin riamh ó shin, go háirithe nuair a bhí siad ag éileamh a gcearta sibhialta ar stát na Breataine.
Bhain Nell McCafferty céim amach in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste agus chuaigh sí ag staidéar ina dhiaidh sin sa Fhrainc.
Chuaigh sí leis an iriseoireacht nuair a bhí sí sna fichidí agus bhí sí ar dhuine de na mná a bhunaigh Gluaiseacht Shaoirse Mhná na hÉireann i 1970.

Chomh maith le cás na mban, tharraing Nell McCafferty aird ina cuid scríbhinní ar an leatrom a bhíothas a dhéanamh ar an bpobal náisiúnach ó thuaidh agus ar dhaoine bochta in Éirinn agus thar lear.
Domhnach na Fola i nDoire, cás leanaí Chiarraí agus na scannail san Eaglais Chaitliceach, chíor sí go mion agus scríobh sí faoi na hábhair ar fad agus mórán eile le cois.
Scríobh sí d’fhoilseacháin éagsúla – an Irish Times, an Sunday Tribune agus Hot Press ina measc – agus ó bhí rith breá cainte aici – caint ghonta go minic – bhíodh sí le cloisteáil agus le feiceáil go rialta ar an raidió agus ar an teilifís.
Scríobh sí roinnt leabhar freisin, lena n-áirítear Nell, In the Eyes of the Law agus The Best of Nell.
Bronnadh neart gradam uirthi i gcaitheamh na mblianta – dochtúireacht oinigh ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh in 2016 ina measc.
Bhí sí i gcaidreamh leis an scríbhneoir Nuala O’Faolain ar feadh níos mó na cúig bliana déag sular scar siad ó chéile. Cailleadh Nuala O’Faolain in 2008.

Tá ómós tugtha go forleathan do Nell McCafferty ó tháinig a tásc.
Dúirt Ombudsman an Phreasa Susan McKay gur iriseoir ceannródaíoch a bhí inti, gur tháinig go leor iriseoirí óga faoina hanáil agus gur athraigh an iriseoireacht mar gheall uirthi.
Roimh Nell McCafferty, arsa Susan McKay, is fir – fir uaisle go deimhin – is mó a bhí i mbun na hiriseoireachta in Éirinn.
Chuaigh Nell McCafferty amach trí na daoine, thug sí cluas dóibh, scríobh sí fúthu, faoin gcruatan a d’fhulaing siad, agus thug sí glór dóibh, a dúirt Susan McKay.
Laoch ag a lán daoine ab ea Nell agus mairfidh a gníomhartha ina diaidh, arsa sí.

Tá ómós tugtha freisin ag polaiteoirí éagsúla do Nell McCafferty, lena n-áirítear an Taoiseach Simon Harris, an Tánaiste Micheál Martin, ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik agus ceannaire an SDLP Colum Eastwood.
