Cáineadh an Taoisigh, Tánaiste ar ionradh Iosrael ar scoil UNWRA

Cáineadh déanta ag an Taoiseach agus An Tánaiste ar ionradh Iosrael ar scoil UNWRA

Tá sé ráite ag gníomhaireacht dídeanaithe Palaistíneacha na Náisiún Aontaithe UNRWA gur maraíodh seisear ball foirne dá chuid tar éis dhá ionradh aeir ag fórsaí Iosrael a bhuail scoil i gceartlár Gaza.

Deir UNWRA gurb é seo an líon is mó ball foirne atá maraithe in aon eachtra amháin ó thosaigh Iosrael ar ruathair ar Gaza tar éis ionsaí Hamas ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair seo caite.

Deir UNWRA freisin go raibh bainisteoir fosctha UNWRA i measc na ndaoine a maraíodh agus baill eile foirne a bhí ag cabhrú le daoine aslonnaithe.

Deir arm Iosrael i ráiteas go ndearna siad ionradh ar, mar a dúirt siad, ionad ceannais agus rialaithe i Nuseirat i lár Gaza, ionad a dúirt siad ar le Hamas é.

Deir UNWRA go bhfuil an scoil buailte cúig huaire ó thosaigh an cogadh, agus go bhfuil thart ar 12,000 duine aslonnaithe ann, mná agus leanaí a bhformhór.

Deir oifig na meán ag rialtas Gaza, atá faoi stiúr Hamas, gur maraíodh ar a laghad 18 nduine sa ruathar seo ag Iosrael.

Cháin an Taoiseach agus an Tánaiste an t-ionsaí is deireanaí seo ar Gaza, agus rinne comhbhrón le foireann na Náisiún Aontaithe.

Cháin Simon Harris an t-ionsaí a rinne Iosrael ar fhoirne eile de chuid na NA a bhí ag dáileadh vaicsíní póilió le leanaí Gaxa a chosaint ón ngalar. Dúirt sé nár cheart normálú a dhéanamh ar an gcontúirt saoil a thugann oibrithe deonacha orthu féin le fóirithint ar dhaoine eile.

Sos comhraic láithreach i nGaza agus saoileadh na ngiall go léir, a deir sé atá riachtanach agus fáíl gan chonstaic ná bac ar chúnamh daonnúil ar fud Gaza.

Cháin an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin an ruathar aeir, á rá go nglacann oibrithe daonnúla “rioscaí eisceachtúla chun soláthairtí ríthábhachtacha bia agus cúnaimh a sholáthar do dhaoine”.

“Tá dualgas ann iad a chosaint,” a dúirt sé.

Dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Antonio Guterres le Reuters nach raibh glacadh ar bith leis an easpa freagraachta as foireanna de chuid na NA agus oibrithe fóirithinte dhaonnúil a mharú.

Deir arm Iosrael go bhfuil bearta á ndéanamh acu chun an baol díobhála do shibhialtaigh a laghdú agus gur míleataigh iad ar a laghad an tríú cuid de na Pailistínigh atá maraithe sa chogadh i nGaza.

Úsáideann Hamas sibhialtaigh mar sciath daonne, a deir an IDF.

Deir aireacht sláinte Gaza go bhfuil 41,000 duine maraithe ó thosaigh cogadh Iosrael ar Gaza, mar fhreagra ar éis ionsaí Hamas ar Iosrael an 7 DF nuair a maraíodh 1,200 duine agus nuair a tógadh 250 duine ina ngialla.