Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach inniu go gcaithfidh an ollchomhlacht teicneolaíochta Apple €13 billiún i gcánacha a íoc le hÉirinn, díreach mar a d’ordaigh an tAontas Eorpach ocht mbliana ó shin.
Foras de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach.
In 2016, rialaigh an Coimisiún Eorpach gur íoc Apple níos lú cánach ná an ceart leis an Stát seo idir 2003 agus 2014.
Dar leis an gCoimisiún Eorpach gur thug Éire stádas speisialta cánach do Apple agus gur sháraigh sin rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair.
Rinne Apple agus an Stát araon achomharc i gCúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh agus éisteadh an cás sin i gcaitheamh dhá lá i mí Mheán Fómhair 2019.
Ghlac an chúirt úd le hargóintí Apple agus an Stáit agus rialaigh nárbh fhíor gur sáraíodh na rialacha maidir le státchabhair.
Tá an Chúirt Ghinearálta níos íochtaraí ná an Chúirt Bhreithiúnais, áfach, agus i mí na Samhna anuraidh d’eisigh Ard-Abhcóide na Cúirte Breithiúnais tuairim go ndearna an Chúirt Ghinearálta roinnt earráidí dlí san achomharc.
Ina fhianaise sin ar fad, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais inniu go raibh an rialú a rinne an Coimisiún Eorpach ar an gcéad dul síos ceart agus cóir.
Baineann an scéal le dhá fhochomhlacht de chuid Apple san Eoraip – Apple Sales International agus Apple Operations Europe – agus leis na brabúis a rinne na comhlachtaí sin.
Dar leis an gCoimisiún Eorpach gur cheart na brábúis sin a mheas de réir dhlíthe cánach na hÉireann.
I ráiteas, dúirt Apple go raibh díomá ar an gcomhlacht faoin rialú is deireanaí agus mhaígh arís eile gur faoi réir rialacha cánach na Stát Aontaithe a mba cheart brabúis an chomhlachta san Eoraip a mheas.
Dúirt an Rialtas go mbreathnóidh siad go mion ar an rialú nuair a chuirfear sa timpeall é.
