Fear maraithe in eacthra bóthair i nGaoth Dobhair inné

Fear maraithe in eacthra bóthair i nGaoth Dobhair inné

Tá Gardaí i mbun fiosrúcháin maidir le heachtra bóthair inár maraíodh fear i nGaeltacht Dhún na ngall inné.

Maraíodh an fear, a bhí sna 60aí agus a raibh gluaisrothar á thiomáint aige, i gCnoc an Stollaire, Gaoth Dobhair go gairid roimh a trí a chlog tráthnóna inné.

Ní raibh feithicil ar bith eile sa timpiste.

Tuigtear nach as an cheantar don té a maraíodh sa timpiste.

Bhí an bóthar idir an Bun Beag agus Dobhar i nGaoth Dobhair druidte go dtí mall aréir agus scrúduithe dlí-eolaíochta ar bun ag Gardaí ar láthair na timpiste.

Tá achainí déanta ag Gardaí ar bhaill den phobal a chonaic an timpiste nó a bhfuil taifid daischearmara acu, teagmháil a dhéanamh le Gardaí i Stáisiún Gardaí Bhaile na nGallóglach.

Tá seisear tar éis bháis ar bhóithre chontae Dhún na nGall le níos lú ná ceithre seachtainí