Cúisimh Sciúrtha Airgid curtha i leith Catriona Carey

Caitriona Carey ag siúl

Tá cúisimh maidir le sciúradh airgid curtha i leith Catriona Careey, a t-iarimreoir camógaíochta agus iarimreoir idirnáisiúnta haca, cúisimh a bhain le tréimhse trí bliana.

Gabhach Carey, 46, as Rochford Manor, An Ghráig, Ceatharlach ar maidin in éineacht le beirt iar-pháirtithe gnó John Steadmond agus Patrick Maher atá cúisithe freisin.

Tá trú chúisimh a chuireann sciúadh airgid i leith Catriona Carey idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2021.

Cuirtear ina leith gur iompaigh, gur aistrigh, gur láimhseáil, go bhfuair,gur shealbhaigh nó gur úsáid sí an iarmháid creidmheasa i gcuntas bainc in ainm Careysfort Asset Estates Limited i mbanc Wise Europe, fhad a thuig sí, a chreid sí nó a bhí meargánta faoi fháltais ón gcoiriúlacht bheith sa mhaoin sin.

Baineann na cúisimh le hAlt 7 den Acht um Cheartas Coiriúíl (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta) 2010.

Tá an cion seo curtha i leith Catriona Carey trí huaire ar a laghad i 2019, 2020 agus 2021.

Chuala an chúirt nár thug Catriona Carey aon fhreagra ar na cúisimh a cuireadh ina leith ag stáisiún Garda Chill Mhaighneáin ar maidin.

Cheadaigh an chúirt saorchúnamh dlí di agus scaoileadh saor ar bannaí í go dtí an 31 Eanáir 2025 tráth a bheidh sí os comhair na Cúirte Dúiche.

Tá 18 cúisimh curtha i leith John Steadmond, 47, as Ros Meánóg, Áth an Chorráin, Guaire, ina measc ag ligean air go mídhleathach gur dlíodóir é, caimiléireacht agus calaois.

Cuireadh ina leith gur mheall sé 20 duine trí chaimiléireacht chun éarlais a íoc, tar éis a chur ina luí orthu go calaoiseach go raibh sé ar chumas Careysfort Asset Estates maoiniú a fháil do lucht morgáistí anásta agus gur éarlais iníoctha ar ais a bhí ann.

Tá 24 chúísimh den chineál céanna curtha i leith Patrick Maher, 57, as Clun Gunna Ghleann Molúa, Gleann Molúra, Co. Chill Mhantáin

I gcúisimh eile, tá sé curtha ina leith gur mheall sé trí chaimiléireacht fear eile le héarlais a íoc tar éis a chur ina luí air go raibh sé ar chumas Careysfort Asset Estates maoiniú a chinniú agus go raibh an éarlais iníoctha ar ais.

Tá sé curtha ina leith freisin gur ghníomhaigh sé mar dhlíodóir gan é bheith cáilithe ina dhlíodóir.

Tá sé curtha ina leith gur mheall sé go mímhacánta ochtar le héarlais a íoc tar éís a chur in iúl go mímhacánta go raibh sé ar chumas Careysfort Asset Estates maoiniú airgeadais a fháil do lucht morgáistí anásta agus go raibh an éarlais iníoctha ar ais.

Tá sé curtha ina leith freisin gur mheall sé beirt go mímhacánta le héarlais a íoc tar éis a chur in iúl go mímhacánta go raibh sé ar chumas Careysfort Asset Estates maoiniú a fháíl agus go raibh an éarlais iníoctha ar ais.

Beidh Patrick Maher os comhair na cúirte dúiche arís an 31 Eanáir 2025