Olltoghchán 2024 tagtha chun críche; an bheirt dheireanach tofa

Brendan Smyth tofa

Tháinig an comhaireamh i nDáilcheantar An Cabhán – Muineachán chun críche aréir, agus leis sin, tá Olltoghchán 2024 thart. Bhí dhá shuíochán fós le líonadh sa dáilcheantar sin, agus b’iad Brendan Smith agus Niamh Smyth – Fianna Fáil ar aon – a bhí ar an mbeirt dheireanach a toghadh sa tír.

Seo mar a leanas na torthaí a bhí ar Olltoghchán 2024:

  • Fianna Fáil: 48
  • Sinn Féin: 39
  • Fine Gael: 38
  • Neamhspleách: 16
  • Páirtí an Lucht Oibre: 11
  • Na Daonlathaigh Shóisialta: 11
  • Pobal Seachas Brabús-Dlúthpháirtíocht: 3
  • Aontú: 2
  • Éire Neamhspleách: 4
  • Comhaontas Glas: 1
  • Páirtí Scéim an Chúitimh 100% (Dún na nGall): 1

Táthar ag díriú anois ar iarrachtaí chun an chéad rialtas eile a chur le chéile. Buailfidh páirtithe parlaiminte Fhianna Fáil, Fhine Gael agus Shinn Féin le chéile amárach.

Tá 88 suíochán de dhíth chun móramh a bhaint amach i nDáil Éireann. Idir Fhianna Fáil agus Fhine Gael, tá 86 suíochán acu.

Ach le go mbeidh seasmhacht ag an rialtas, beidh suas le hochtar eile de dhíth ag Fianna Fáil agus Fine Gael sula rachaidh siad i mbun comhrialtais.

Beidh Fianna Fáil agus Fianna Fáil ag súil go mbeidh siad in ann Teachtaí Dála neamhspleácha, nó páirtíthe beaga eile a mhealladh.

Idir an dá linn, tá Sinn Féin i ndiaidh scríobh chuig na Daonlathaigh Shóisialta agus Páirtí an Lucht Oibre. Deir Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik, go bhfuil sí ag iarraidh labhairt leis na Daonlathaigh Shóisialta agus leis an gComhaontas Glas ar dtús. Ní bheidh Páirtí an Lucht Oibre sásta dul i mbun comhrialtais leo féin le Fianna Fáil agus Fine Gael, a deir sí, gan aon pháirtí eile a bheith in éindí leo.

Suífidh an 34ú Dáil den chéad uair ar 18 Nollaig, ach beidh le feiceáil an mbeidh rialtas i gcumhacht faoin tráth sin. Táthar ag súil go forleathan nach mbeidh rialtas nua againn roimh an Nollaig