Comhairle Thuaidh/Theas tagtha le chéile i mBaile Átha Cliath

Comhairle Thuaidh/Theas tagtha le chéile i mBaile Átha Cliath

Tá cruinniú iomlánach den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu agus an Taoiseach Simon Harris ina chathaoirleach air.

Tá Céad-Aire an Tuaiscirt Michelle O’Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly ar cheann na toscaireachta ó Fheidhmeannas Stormont.

Faoi chaibidil sa chruinniú tá ceisteanna a bhaineann le leas na hÉireann ar fad – ó Reachlainn go Cléire – go háirithe cúrsaí sláinte, iompair, talmhaíochta agus turasóireachta.

Seo an dara cruinniú iomlánach den Chomhairle Aireachta ó hathbhunaíodh na forais pholaitíochta ó thuaidh i dtús na bliana, agus an 28ú cruinniú ó bunaíodh é faoi fhorálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

In Ard Mhacha i mí an Mheithimh a bhí an cruinniú deireanach.

Roimh an gcruinniú inniu, tharraing an Taoiseach aird ar thorthaí an chomhoibrithe idir an dá rialtas.

Luaigh sé go sonrach dhá mhórthogra a bhfuiltear ag tabhairt fúthu faoi láthair – athchóiriú Chanáil Uladh idir Loch Éirne i gCo Fhear Manach agus Cluain Eois i gCo Mhuineacháin, agus an droichead nua atá le tógáil trasna abhainn an Rí idir Corr na Muclach i gCo Lú agus Caol Uisce i gCo an Dúin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ